M’fheachtas d’Ard Rúnaí CMÉ
As Béal Átha Beithe, i gContae Muineachán ó dhúchas mé, cé go bhfuil cónaí orm i gCo Átha Cliath le fada. Toisc go bhfuair mé Céim san Oideachas i gcroílár cúlú eacnamaíochta na 80dí bhí orm dul ar imirce, agus thosaigh mé ag múineadh Béarla mar theanga bhreise thar lear. Nuair a d’fhill mé, fuair mé post i scoil i gceantar atá faoi mhíbhuntáiste i nDarndál, BÁC17, agus níos déanaí i scoil a bhí díreach ag tosú, scoil de chuid Foghlaim Le Chéile (Educate Together).
Táim ag obair in Ard Oifig CMÉ le breis is ceithre bhliain déag anois, agus mé freagrach as Forbairt Ghairmiúil Leanúnach, Oiliúint Oifigeach agus Comhionnanais.
Thíos feictear daoibh príomhphointí faoi m’fheachtas d’Ard Rúnaí CMÉ.